Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Bonn Óir Seán Ó Riada ar an bpíobaire Colm Broderick as Ceatharlach, agus ar an gcruitire Fionnuala Donlon, as Dún Dealgan i gCo. Lú, ag searmanas speisialta in Áras an Uachtaráin Dé Máirt. Tá sé caoga bliain i mbliana ó cailleadh an ceoltóir agus an cumadóir Seán Ó Riada, agus is comhartha ómóis agus aitheantais a bhí sa searmanas ar thábhacht ollmhór oidhreacht an Riadaigh. Ba aitheantas a bhí ann freisin ar a dhúslánaí is a bhí sé do cheoltóirí agus do lucht na n-ealaíon tré chéile le bliain go leith anuas de bharr na paindéime.
Chas na ceoltóirí don Uachtarán, agus ansin bronnadh na boinn óir orthu, a bhfuil a gcuid ainmneacha greanta orthu.
Reáchtálann Peadar Ó Riada Comórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada go bliantúil ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.