![Macasamhail de bhosca taistil ó ré an Ghorta Mhóir - ceardaithe ag príosúnaigh - á bhronnadh…](/images/made/44d1dc18a2367c64/famine_times_travel_box_-_sml2_619_452.jpg)
...ar an Uachtarán
Bronnadh macasamhail lámhdhéanta de chófra taistil ar an Uachtarán. Chruthaigh príosúnaithe i Seirbhís Príosún na hÉireann an cófra, macasamhail chruinn de sheanchófra a d’úsáideadh eisimircigh agus iad ag dul ar bord loinge sna 1800idí. Ba é cathaoirleach Choiste Comórtha Íospartaigh an Ghorta in Éirinn Michael Blanch agus Mark O’Brien, príomhoifigeach cúnta Sheirbhís Príosún na hÉireann a rinne an bronnadh.