Ar an 6 Lúnasa, d’oscail an tUachtarán Ó hUigínn Fleadh Cheoil na hÉireann 2020 go foirmiúil.
Is é Fleadh Cheoil na hÉireann an ceiliúradh is mó ar domhan ar cheol, teanga, amhrán agus damhsa na hÉireann. I mbliana, bhí sé i gceist go mbeadh an Fhleadh ar siúl sa Mhuileann gCearr, áit a raibh an chéad imeacht ar siúl in 1951. Mar gheall ar COVID-19, áfach, b’éigean an t-imeacht a chur ar ceal, agus athshamhlú a dhéanamh ar an leagan amach.
Rinneadh sraith clár dar teideal “Fleadh 2020” a chraoladh ón Muileann gCearr ar cheithre thráthnóna i ndiaidh a chéile ar TG4.
Cliceáil ar an táb Gearrthóga Fuaime nó Óráidí chun éisteacht le hóráid an Uachtaráin nó í a léamh.
Imeachtaí Bainteacha: