An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán, 2018

Mái 18th Meá, 2018 | 11:30
suíomh: Screggan, Tullamore
An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán, 2018

Dé Máirt, 18 Meán Fómhair, d'osclail an tUachtarán Ó hUigínn an 87ú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, a bhí ar siúl ar an Screagán, i gContae Uíbh Fhailí.  

Tá an tUachtarán tar éis a bheith i láthair ag an an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta gach bliain ó insealbhaíodh é in 2011, agus chuir sé síos air go minic mar “sampla sármhaith d’ardéirim na hÉireann” agus mar “an choinne is mó a bhfuil tóir uirthi i bhféilire tuaithe na hÉireann.”

Bhain an tUachtarán leas as a chuairt ar fhéile 2018 chun moladh a thabhairt do scileanna agus d’inniúlachtaí na rannpháirtithe sa chomórtas, agus chun machnamh a dhéanamh ar na fadhbanna a chuireann isteach ar thalmhaíocht na hÉireann, ar theaghlaigh talmhaíochta agus ar phobail tuaithe.  

 

Is féidir leat óráidí an Uachtaráin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mblianta roimhe seo a léamh nó a chloisteáil anseo:
Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2017, An Screagán, Co. Uíbh Fhailí
Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2016, An Screagán, Co. Uíbh Fhailí
Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2015 , Ráth an Uisce, Co. Laoise
Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2014, An Sráidbhaile, Co. Laoise