![Taispeántas dar teideal: “The Irish in Latin America” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán](/images/made/44d1dc18a2367c64/President_Michael_D._Higgins_in_UCC_January_26_th_2017_image_8_720_480.jpg)
D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn taispeántas a dhéanann ceiliúradh ar ról imircigh na hÉireann i Meiriceá Laidineach agus a dhíríonn ar stair chomhroinnte na hÉireann agus Mheiriceá maidir leis an gcoilíneachas agus an neamhspleáchas a tháinig ina dhiaidh sin agus leis an gcomhrac réabhlóideach.
Tá mórphearsana na hÉireann a raibh baint acu le comhraic réabhlóideacha agus neamhspleáchais trasna mhór-roinn Mheiriceá Laidineach sa taispeántas agus insítear scéal na mban agus na bhfear Éireannach a chuaigh go tíortha éagsúla i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib san 18ú agus sa 19ú haois.