An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2021 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Céa 6th Ean, 2021 | 13:00
An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2021 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Mar atá déanta aige ar feadh na mblianta, d'oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas BT na nEolaithe Óga i mbliana go foirmiúil.

Den chéad uair riamh, bhí leagan fíorúil de thaispeántas bliantúil thionscadail na ndaltaí a bheidh ann, agus cuireadh i láthair 550 tionscadal daltaí as níos mó ná 1,300 iarratas.

Is tacadóir mór do Thaispeántas BT na nEolaithe agus na dTeicneolaithe Óga an tUachtarán, agus molann sé é as an spreagadh a thugann sé do dhaoine óga teorainneacha na heolaíochta a shárú agus a bhfuinneamh cruthaithe agus a bhfiosracht a chur i bhfeidhm chun a fháil amach cén chaoi ar féidir an domhan mórthimpeall orthu a fheabhsú.

Is minic a mhol an tUachtarán an comórtas mar go dtugann sé ardán do dhaoine óga a dtallanna a thaispeáint agus dúirt sé gur “buaic an éachta agus na fionnachtana eolaíochta i measc na hóige ar fud an domhain atá ann”.  

Cliceáil ar Fuaime nó ar na táib Físeáin chun éisteacht le haitheasc an Uachtaráin, nó cliceáil anseo chun í a léamh.