Coimpléacs nua do Chumann Naomh Uinseann de Pól arna oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán
Ag oscailt ionad nua Ozanam i mbaile Chabháin , a ainmníodh as Frédéric Ozanam a bhunaigh Cumann Naomh Uinseann de Pól sa Fhrainc in 1833, mhol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an obair a rinne Cumann Naomh Uinseann de Pól le 170 bliain anuas in Éirinn.
Ina aitheasc, dúirt an tUachtarán go bhfuil "eitic an chairdis agus tógáil pobal cúraim, a chothaíonn Cumann Naomh Uinseann de Pól,” ríthábhachtach do thodhchaí na hÉireann.
Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól in Éirinn ó aimsir an Ghorta.