Buaileann an tUachtarán le Dámhachtaithe ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann – i ndáil le Gradam an Uachtaráin do Cheannairí um Thaighde sa Todhchaí

Lua 2nd Már, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Monday, 02nd March, 2020

Buaileann an tUachtarán le Dámhachtaithe ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann – i ndáil le Gradam an Uachtaráin do Cheannairí um Thaighde sa Todhchaí

Bhronn an tUachtarán Ó hUigínn onóir ar dheichniúr le ‘Gradam Uachtarán na hÉireann do Cheannairí Taighde sa Todhchaí’ ag searmanas ar leith in Áras an Uachtaráin.

Earcaíonn Clár Uachtarán na hÉireann do Cheannairí Taighde sa Todhchaí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ceannairí taighde den scoth atá ag teacht chun cinn ina ngairmréim i réimse ábhar.

 

Tá an tUachtarán Ó hUigínn go mór i bhfách le fada an lá leis na heolaíochtaí agus ina thacadóir do rochtain chothrom ar an bhfoghlaim. Tá leas bainte ag an Uachtarán as a théarma in oifig chun aird a tharraingt ar thábhacht na heolaíochta i gcumasú daoine le dul i mbun na nuálaíochta agus an chomhoibrithe chun todhchaí níos fearr a bhaint amach do chách.