![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Tony Johnson, Uasal, ar chuairt chúirtéise](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_NAT_XMAS_TREE_COMP_WINNER_MX-3_720_501.jpg)
Bhuail an tUachtarán leis an Uasal Tony Johnston, buaiteoir Chomórtas Náisiúnta an Chrainn Nollag.
Eagraíonn Cumann Táirgeoirí Crann Nollag na hÉireann an comórtas gach bliain. Is é an tUasal Johnston, atá lonnaithe i nDún Dónaill, an chéad táirgeoir ó Thuaisceart Éireann an gradam ‘Curadh Táirgeoirí na hÉireann’ a bhuachan, agus tá a chrann ina sheasamh go bródúil i Seomra Bia an Stáit in Áras an Uachtaráin.
Bhí a bhean chéile, Penelope Johnston, Uasal, i dteannta an Uasail Johnstone.