Bhí cruinniú príobháideach ag an Uachtarán Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias sa Vatacáin.
Nuair a chas an tUachtarán leis an bPápa Proinsias i mí Mheán Fómhair 2021, bhronn sé ‘Bata an Iascaire’ ar a Naofacht. Rinneadh an bata ar Inis Mór, an t-oileán is mó de chuid Oileáin Árann, ceann de na pointí is faide siar san Eoraip.
Sa bhata atá déanta ag an ealaíontóir Lochlainn Cullen, tá adhmad draighin, a fásadh agus a dearadh ar an oileán, agus é maisithe le snaidhmeanna cadáis. Tá na snaidhmeanna seo leagtha amach ar nós bíse ar a dtugtar ‘Snaidhm Mhuire’, a bhfuil trí snáithe ann, fite fuaite go ceann amháin, leis an Tríonóid Naofa a léiriú.