![Buaileann an tUachtarán le Colm Tóibín](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRESIDENT_HIGGINS_COLM_TOIBIN_INT_MX-8_720_480.jpg)
Chuir an t-údar Colm Tóibín an tUachtarán Ó hUigínn faoi agallamh.
Bhí an comhrá dírithe ar leabhar óráidí an Uachtaráin a foilsíodh le gairid, “Reclaiming the European Street”, agus ar thuairimí an Uachtaráin ar an tábhacht a bhaineann leis na healaíona, an chruthaitheacht agus an tacaíocht a thugtar dóibh siúd atá ag obair sna hearnálacha cruthaitheacha.
Tá aird tarraingthe ag an Uachtarán ar thionchar phaindéim Covid19 ar ealaíontóirí agus ar dhaoine a bhíonn ag obair ar chúl an stáitse sna hamharclanna agus ionaid cheoil srl fud fad na tíre.