Is mian liom mar Uachtarán na hÉireann mo bheannachtaí croíúla agus mo dhea-ghuí a sheoladh chuig clanna agus cairde na hÉireann ar fad ar fud na cruinne ar lá ceiliúrtha ár naomhphátrúin náisiúnta Naomh Pádraig.
Tá muid ar fad, mar Éireannaigh, cuid de phobal luachmhar, bríomhar domhanda is cuma cé acu Éireannaigh ó dhúchas muid nó gur roghnaigh muid a bheith inár nÉireannaigh, muid ceangailte go dlúth le chéile trínár ngrá don saol, agus an grá atá againn i gcoitinne dár n-oidhreacht náisiúnta, dár dteanga agus dár gcultúr.
Agus muid ag cruinniú le chéile inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr spioradálta agus ár n-oidhreacht, a mheabhraíonn go domhain dúinn, an stair choiteann agus chasta atá againn, is féidir linn neart agus misneach a fháil ó theagasc spreagúil agus ó bheatha Naomh Pádraig, ár naomhphátrún náisiúnta.
Na laethanta seo agus géarchéimeanna iomadúla daonna agus nádúrtha ag tarlú ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach go dtuigeann muid a riachtanaí agus atá an dlúthpháirtíocht sin a nascann le chéile muid mar dhaoine daonna agus go nglacann muid leis na freagrachtaí atá orainn i dteannta a chéile don phláinéad leochaileach seo agus do gach duine a mhaireann air.
Beidh cruachás mhuintir na Tuirce agus na Siria ar intinn againn agus iad i mbun atógála ansin tar éis na gcreathanna talún uafásacha a tharla an mhí seo caite. Meabhraíonn tragóidí den chineál sin dúinn ar fad chomh fíor-leochaileach agus atá muid agus a riachtanaí agus atá sé go gcuirfí cabhair dhaonnúil aontaithe ar fáil.
Mairimid faoi láthair i dtréimhse ina bhfuil coimhlintí ag méadú agus droim láimhe á thabhairt do phrionsabail idirnáisiúnta agus don dlí daonnúil a cuireadh le chéile go cúramach in imeacht na mblianta fada mar mhalairt ar an gcogaíocht.
Tá breis agus bliain ann anois ó rinneadh an t-ionradh ar an Úcráin, agus caithfimid pobal na tíre sin, agus na daoine ar fad atá sáinnithe i mbreis agus 20 coimhlint armtha eile ar fud an domhain, a choinneáil chun tosaigh inár n-intinn.
Is mór an tógáil croí é mar a d’fháiltigh an oiread sin de theaghlaigh agus de scoileanna sa tír seo, agus in áiteanna eile, roimh na mílte agus na mílte de shaoránaigh de chuid na hÚcráine a cuireadh as seilbh agus a theith de bharr na coimhlinte ina dtír dhúchais.
Chuir scoileanna i ngach cuid den tír fáilte chroíúil roimh dhaltaí nua agus léirigh siad tiomantas an-mhór dóibh le meas agus le dlúthpháirtíocht.
Nach tráthúil agus muid ag comóradh ár naomhphátrúin, Naomh Pádraig, an bunscéal a bhaineann lenár Lá Náisiúnta a thabhairt chun cuimhne arís, scéal sclábhaíochta na linne sin agus Naomh Pádraig ina fhear óg.
Ón sclábhaíocht a tháinig sé anseo, tugtha trasna Mhuir Éireann go mídhleathach ina fhear óg. D’éalaigh sé tar éis sé bliana agus d’fhill sé ar an mBreatain, ar a theaghlach agus ar a chuid léinn. Ach mar léiriú suntasach ar a mhianach agus a fhlaithiúlacht thiocfadh sé ar ais go hÉirinn arís níos deireanaí mar mhisinéir.
Tá macallaí láidre ó bheatha Phádraig le sonrú i gcúinsí comhaimseartha an lae inniu: tús á gcur le cineálacha nua sclábhaíochta, an ciníochas ag méadú seachas ag laghdú, an fuath don strainséir – an seineafóibe nimhiúil nua nó seanbhunaithe ag dul i dtreise i gcuid mhór áiteanna ar fud an domhain. Is ansin atá síol an fhaitís á chur.
A mhalairt ar fad a bhí i gceist i scéal Phádraig, é ag athrú agus ag baint stádais amach mar shiombail nó mar shuaitheantas na tíre seo, an tír ar chinn sé cónaí agus cur faoi inti. Agus é ag glacadh seasamh in aghaidh coireanna cogaidh an Rí Coroticus agus a chuid fear, bhí Pádraig, an t-iarsclábhaí chun tosaigh lena ghlór agus a thacaíocht saoil le dul i ngleic leis an toradh a bhí ar an sclábhaíocht agus an glacadh coiteann a bhí léi.
Cuireann scéal Phádraig mar imirceach i gcuimhne dúinn – agus níor cheart é a ligean i ndearmad – an mianach agus an misneach a theastaíonn ó imircigh agus an mhaitheas a rinne siad agus a dhéanann siad fós sna tíortha sin a airíonn siad mar bhaile anois. Insíonn gníomh na himirce scéal dúinn a bhfuil díograis éachtach agus mian dhiongbháilte dhaonna i gceist leis, chun domhan níos fearr a shamhlú agus a chruthú, fiú agus cruachás go leor sa bhealach in amanna.
Agus muid ag tabhairt beatha ár naomhphátrúin chun cuimhne inniu is féidir linn smaoineamh ar a spiorad agus muid ag glacadh lenár ról mar shaoránaigh dhomhanda, ár n-intinn agus ár gcroí a oscailt don teaghlach daonna comhchoiteann lena chastachtaí, a chúinsí agus a leochaileacht ar fad.
Trí chomhbhá, trua agus dlúthpháirtíocht a thugann san áireamh tacú leo siúd atá ag teitheadh ó chiapadh, ár ndoirse agus ár gcroí a oscailt dóibh siúd atá ar an ngannchuid, agus deis a thabhairt do dhaoine saol níos fearr a mhúnlú dóibh féin agus dá dteaghlaigh – sin mar a léiríonn muid ár dtiomantas le luachanna níos fearr a chruthú, luachanna a bhfuil sé de chumhacht acu teorainneacha a shárú.
Éilíonn moráltacht bhunúsach dhaonna orainn smaoineamh ar leas an phobail, an leas coiteann, má tá muid le cosán Naomh Pádraig a leanúint agus muid ag aithint go bhfuil dualgas orainn seasamh i ndlúthpháirtíocht leo siúd ar fud na cruinne atá leochaileach, nó ar an ngannchuid agus gach rud a bhfuil de chumhacht againn a dhéanamh le domhan a chruthú atá ionchuimsitheach, domhan cothrom ina gcaitear le dínit, le meas agus go cóir le daoine beag beann ar a n-éagsúlachtaí nó ar a gcúinsí féin.
Cé go spreagann scéal Naomh Pádraig muid le machnamh a dhéanamh ar thábhacht na himirce mar théama leanúnach i dtaithí phobal na hÉireann go stairiúil, is gá dúinn dul i ngleic leis an bhfírinne uafasách a bhaineann leis an míúsáid ar dhaoine leochaileacha do chuspóirí brabaigh, agus an imirce éigeantach a leanann go fóill.
Trí sin a dhéanamh is fearr is féidir linn a bheith dílis d’oidhreacht Phádraig, dár n-áit féin agus beart a dhéanamh maidir lenár bhfreagrachtaí i ndomhan an lae inniu.
Tá oiread réimsí ann nach féidir linn leanúint orainn ag teip maidir le buncheisteanna, ar nós ocras domhanda agus bochtaineachta. Is é an fhirinne shearbh i gCorn na hAfraice, mar shampla, go bhfuil an t-ocras ag goid a gcumas, a ndínit agus a bhfuil i ndán dóibh ó na milliúin dár ndeartháireacha agus dár ndeirfiúracha gach lá.
Nach mór an chúis náire é nach raibh de rogha ag 64 tír atá i mbéal forbartha agus iad ag dul i ngleic le paindéim Covid-19 níos mó airgid a chaitheamh ag aisíoc fiacha ná mar a bhí acu le caitheamh ar an tsláinte phoiblí.
Ar mo chuairt chun na Seineagáile le gairid le labhairt ag Cruinniú Mullaigh na hAfraice ar chúrsaí bia, leag mé béim ar an bpráinn a bhaineann le dul i ngleic ní hamháin le bochtaineacht agus ocras san Afraic ach le deimhniú go mbeidh barántais ann maidir le bunriachtanais na beatha a chur ar fáil, bunseirbhísí comhchoiteanna ar nós oideachais agus cúram sláinte, le todhchaí inbhuanaithe, leanúnach, bunaithe ar shlándáil sa chiall is uileghabhálaí den fhocal, a bheith ag gach duine.
Tá dualgas morálta agus eiticiúil orainn tacaíocht a thabhairt dár dteaghlaigh dhomhanda atá i gcruachás, tacú leo le réitigh inbhuanaithe a fháil le deireadh a chur le gach gorta, agus freagra críochnúil a thabhairt maidir le hathrú aeráide.
Bhí meas ar an dúlra agus ar spioradáltacht an nádúir agus ar an athfhás séasúrach i gcroílár na teachtaireachta a bhí ag Naomh Pádraig. Tá droch-chuma fágtha ag gníomhaíochtaí an duine ar ár bpláinéad, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil an tsaint mar spreagadh acu go minic, agus a bhfuil tionchar díreach acu ar an athrú aeráide.
Tá sé mar thoradh ar sin go bhfuil ceann de na dúshláin is mó riamh os ar gcomhair anois, le droch aimsir, díláithriú daoine, imirce in aghaidh tola trasna an domhain agus talamh torthúil á chailliúint.
Is éagóir thragóideach í go bhfuil na náisiúin sin is measa atá buailte ag tionchar daonna agus eacnamaíochta an athraithe aeráide ar na tíortha is lú atá freagrach as na hastaíochtaí sin atá á mbagairt anois.
Ní raibh an t-éileamh chomh mór riamh agus atá anois, go rachfaí i mbun gnímh maidir le géarchéim na haeráide inár ndomhan comhroinnte. Caithfimid ar fad freagracht a ghlacadh as ár ról féin sa ghéarchéim sin agus ár gcuid féin a dhéanamh maidir le dícharbónú an gheilleagair agus ár sochaí le gur féidir linn maireachtáil i ndomhan inbhuanaithe, a thabharfaidh cosaint don phláinéad don todhchaí agus do na glúnta atá le teacht.
Tugaimis gealltanas ar an lá seo oibriú agus comhoibriú le chéile, le dul i bhfeidhm ar na dúshláin chomhaimseartha atá os ar gcomhair agus tacú leis na luachanna riachtanacha sin atá mar chuid de scéal Naomh Pádraig, cineáltas agus comhbhá san áireamh.
Seachas díriú ar an dorchadas fad is a bhaineann le cúinsí reatha, dírímis ina áit sin ar an solas. Samhlaímis mar a bheadh an saol ann gan cogadh, gorta, ocras nó saint, domhan a thabharfadh cúl le hidéil nimhiúla an impiriúlachais agus domhan a chuirfeadh fáilte roimh nádúr fiúntach an duine dhaonna mar a bhí i gceist i gcás Naomh Pádraig.
Agus muid ag comóradh oidhreacht Naomh Pádraig, treoraí agus pátrún, a raibh féith na daonnachta go láidir ann, déanaimis an ceiliúradh sin tríd an misneach a bhreith chugainn féin leis na tréithe is fearr den daonnacht a chothú arís, an teacht aniar a bheith ionainn seasamh ina n-aghaidh siúd a shéanfadh na tréithe sin agus ár dtiomantas do na prionsabail sin a bhain le beatha Phádraig a dhearbhú arís.
I measc na bprionsabal sin tá ár ról mar shaoránaigh dhomhanda a ghlacadh chugainn arís, lámh chúnta a thabhairt dóibh siúd ar an bpláinéad comhroinnte seo atá i gcruachás, a bheith fáilteach agus cineálta leo siúd atá ag teitheadh ó ghorta, ó choimhlint nó de bharr athrú aeráide agus, dá réir sin, freagracht a ghlacadh as oibriú lenár gcomhshaoránaigh le domhan atá níos cothroime agus níos ionchuimsithí a chruthú.
Guím go mbeidh sásamh agus síocháin agaibh ar fad an Lá Fhéile Pádraig seo.
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh uilig.
Beir beannacht.