Ceiliúrann an tUachtarán Lá Fhéile Pádraig 2021

Céa 17th Már, 2021 | 10:00

Wednesday, 17th March, 2021

Ceiliúrann an tUachtarán Lá Fhéile Pádraig 2021

Bhí Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le teachtaireacht speisialta “do gach ball do mhuintir na hÉireann, agus a cairde ar fud an domhain”.

Sna blianta roimhe seo, d’fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín ar roinnt imeachtaí chun lá náisiúnta na hÉireann a cheiliúradh, ach, i mbliana, de réir srianta sláinte phoiblí Covid-19, beidh an fhéile bhliantúil ar líne. 

De ghnáth, freastalaíonn an tUachtarán ar ócáidí poiblí, ina measc paráid i lár chathrach Baile Átha Cliath, agus óstálann sé fáiltiú do dhaoine agus grúpaí a rinne éacht mór ar son na tíre. I mbliana, bheartaigh sé teachtaireacht físeáin a eisiúint agus dea-ghuí a sheoladh chuig muintir na hÉireann agus machnamh a dhéanamh ar éifeacht pandéim domhanda Covid-19.