Reáchtálfar an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche ar an 1-7 Deireadh Fómhair agus téama na bliana seo ná: ‘An cothú na todhchaí: Ag tacú leis an mbeathú cíche tríd an bpaindéim agus tuilleadh lena chois’.
Creideann saineolaithe go bhfuil an beathú cíche ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt an linbh le linn a chéad bhliana. Soláthraíonn an bainne cíche na hairí cothaitheacha atá ag teastáil ó naíonáin go luath sa saol. Cuireann sé cosaint fhadtéarmach ar fáil don leanbh agus réitíonn sé an bealach leis an otracht i bpáistí a chosc. Cabhraíonn an beathú cíche le máithreacha teacht ar ais chucu féin i ndiaidh na breithe, bíonn dáimh ar leith eatarthu féin agus a bpáiste agus laghdaíonn sé an baol a bhaineann leis an dúlagar iarbhreithe, agus ailse chíche agus ubhagáin.
Imeachtaí ábhartha eile:
- Castar an tUachtarán agus an Dochtúir Liz O’Sullivan ón nGrúpa Dlí um Beathú Naíonáin in Éirinn, ar a chéile (BFLGI)
- Seachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2019
- Seachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2018
- Seachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2017
- Seachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2016
- Seachtain Náisiúnta um Beathú Cíche 2015