An tUachtarán chun tosaigh agus oibrithe sa líne thosaigh in Éirinn á moladh ar Lá Ceoil na hEorpa

Dom 21st Mei, 2020 | 18:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Sunday, 21st June, 2020

An tUachtarán chun tosaigh agus oibrithe sa líne thosaigh in Éirinn á moladh ar Lá Ceoil na hEorpa

Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ócáid ómóis náisiúnta d’oibrithe na tíre ar an líne thosaigh ag 6 pm ar Lá Ceoil na hEorpa, Dé Domhnaigh 21 Meitheamh. 

Bhí ceoltóirí i dteannta an Uachtaráin Uí Uigínn ar chéimeanna  Áras an Uachtaráin chun Óid don Lúcháir de chuid Beethoven, Aintiún na hEorpa, a sheinm, sula leanadh leis an  gcomhartha ómóis agus grúpa níos mó de cheoltóirí agus amhránaithe á stiúradh ag an soprán aitheanta Mairéad Buicke ar chéimeanna an Cheolárais Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

Ansin rinneadh Óid don Lúcháir a mhacallú ar fud an náisiúin ar fad mar a n-iarrfar ar cheoltóirí agus ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa cheol a gcomhartha ómóis féin a léiriú ar Lá Ceoil na hEorpa in ómós do na hoibrithe ar an líne thosaigh taobh istigh dá bpobail áitiúla, agus scaradh fisiceach á dhéanamh acu.