Seolann an tUachtarán Ionad Barr Feabhais Jean Monet, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath

Déa 28th Már, 2019 | 18:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Amharclann William Fry, Scoil Dlí Sutherland, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath

(Baile Átha Cliath) Amharclann William Fry, Scoil Dlí Sutherland, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath

Thursday, 28th March, 2019

Seolann an tUachtarán Ionad Barr Feabhais Jean Monet, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath

Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Ionad Barr Feabhais nua Jean Monnet i nGeilleagar Nua Polaitíochta na hEorpa de chuid UCD.

Is é ról an Ionaid tuiscint ar bhunfhírinní nua polaitíochta agus eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus torthaí an taighde sin a scaipeadh chuig lucht spéise níos leithne. 

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt ar an iliomad ócáidí faoi dhúshláin agus faoi fhéidearthachtaí an Aontais Eorpaigh. Ina chuid óráidí dúirt an tUachtarán go léiríonn prionsabail bhunaithe an AE “bua na hidéolaíochta ar an tsoiniciúlacht” agus go dteastaíonn cosaint ghníomhach ó na prionsabail in am a bhfuil siad faoi bhagairt ag “míchothromaíochtaí atá ag méadú in ioncam, i saibhreas, i gcumacht agus i ndeiseanna.”

Tá sé ráite ag an Uachtarán chomh maith gur cheart do stáit bheaga an Aontais a chinntiú nach dtugtar an chluas bhodhar dóibh agus ról ceannasach a ghlacadh i socrú todhchaí an bhloic. 

Féach mar shampla: