Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin le Comóradh Céad Bliain a dhéanamh ar Chéad Ghairm na mBan ar an gComhairle Bharra

Céa 3rd Sam, 2021 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 03rd November, 2021

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin le Comóradh Céad Bliain a dhéanamh ar Chéad Ghairm na mBan ar an gComhairle Bharra

D’óstáil an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáiltiú in Áras an Uachtaráin chun glaoch na chéad ban chun an Bharra in Éirinn céad bliain ó shin a chomóradh.
 
Ar an 1 Samhain 1921, glaodh Frances Kyle agus Averil Deverell chun an Bharra, na chéad mná a bhain sin amach in Éirinn nó sa Bhreatain. Sa bhliain inar glaodh chun an Bharra í, bhain Frances Kyle amach an chéad áit i scrúduithe an Bharra, agus ba í Averil Deverell an chéad bhean a chleacht mar abhcóide ar cheachtar den dá oileán. 
 
Chun an cothrom céad bliain a chomóradh, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh inniu do roinnt ban mór le rá a thug seirbhís sa Dlí in Éirinn chuig Áras an Uachtaráin, ina measc Uachtarán na hArd-Chúirte, An Breitheamh Mary Irvine; Uachtarán na Cúirte Cuarda, an Breitheamh Patricia Ryan; Iar-Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus an Breitheamh Fidelma Macken; an Chéad Ard-Aighne mná agus Breitheamh na Cúirte Achomhairc, an Breitheamh Máire Whelan; agus Cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann,  Maura McNally A.S.