Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin 2020 agus 2021 ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
Bronnann an tUachtarán na Gradaim gach bliain, mar aitheantas ar an tseirbhís a thugtar don tír seo, nó do phobail Éireannacha thar lear, orthu siúd atá ina gcónaí taobh amuigh d'Éirinn.
Cruthaíodh na Gradaim in 2011, mar shlí le haitheantas a thabhairt do chion bhaill dhiaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.
Is iad buaiteoirí na ngradam in 2020:
Ealaíon, Cultúr agus Spórt
- James W. Flannery (SAM)
- Mitsuko Ohno (an tSeapáin)
- Fiona Shaw (An Bhreatain)
Obair Charthanach
- An tSiúr Louise Horgan (An Téalainn)
- Alice Kennedy (nach maireann) (An Bhreatain)
Tacaíocht don Phobal Éireannach
- Loretta Cosgrove (Australia)
Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
- William Duncan (An Isiltír)
- An tSiúr Patricia Murray (An Iodáil)
- An tAthair Kevin O’Hara (An Nígéir)
Eolaíocht agus Teicneolaíocht
- Dennis Slamon (SAM)
Is iad buaiteoirí na ngradam in 2021:
Ealaíon, Cultúr agus Spórt
- Susan Feldman (SAM)
- Professor Roy Foster (An Bhreatain)
- An Bráthair Colm O’Connell (An Chéinia)
Gnó agus Oideachas
- An tSiúr Orla Treacy (An tSúdáin Theas)
Obair Charthanach
- Doreen Nanibaa McPaul (SAM)
- Phyllis Morgan-Fann (An Bhreatain)
- Jim O’Hara (An Bhreatain)
- Billy Lawless (SAM)
Tacaíocht don Phobal Éireannach
- Adrian Flannelly (SAM)
Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
- Bridget Brownlow (Ceanada)
Ar feadh a théarma in oifig, tá béim curtha ag an Uachtarán O hUigínn ar ghné dhomhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, suntas an diaspóra agus an stair agus an fhéiniúlacht choiteann a roinnimid in ainneoin "na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte a d'fhéadfadh a bheith ag teacht romhainn".