Le linn na bliana atá caite, chuir an tUachtarán 223 imeacht ar siúl in Áras an Uachtaráin, agus chuir sé fáilte roimh ionadaithe ó ghrúpaí saoránach ón tír seo agus ó thíortha thar lear.
San iomlán, thug níos mó ná 20,000 duine cuairt ar an Áras le linn na bliana atá caite, gnáthshaoránaigh agus baill de ghrúpaí deonacha agus pobail a bhformhór.
Gach mí, cuireann an tUachtarán agus Saidhbhín fáiltiú ar siúl mar a gcuirtear tae beag ar fáil do ghrúpaí daoine agus do ghrúpaí daoine gníomhacha ar scor, ó gach cearn den tír.
Is féidir leat éisteacht le haitheasc an Uachtaráin trí chliceáil ar an nasc thíos.