...d’Eagraíochtaí i gcur chun cinn Disciplín na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice
Chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag óstáil ócáid in Áras an Uachtaráin chun aitheantas a thabhairt do shaoránaigh a bhfuil barr feabhais bainte amach acu san eolaíocht.
Ón am a tháinig sé i réim sa bhliain 2011, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird go minic ar an eolaíocht agus ar na féidearthachtaí atá ann le dul i ngleic le fadhbanna móra an domhain, ar nós an t-athrú aeráide, an t-ocras domhanda agus díghrádú comhshaoil. Tá sé ina chuairteoir rialta ar An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eolaí Óg, agus mar Iar-Aire Ealaíon tuigeann sé go maith go bhfuil dlúthcheangal idir eolaíocht agus cruthaitheacht.