![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chumann Daonnachach na hÉireann le cothrom 25 bliana a chomóradha](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_HUMANIST_ASSOC_MT_MAX_720_525.jpg)
Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh ionadaithe Chumann Daonnachach na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin.
Oibríonn Cumann Daonnachach na hÉireann ní hamháin chun an eaglais a scaradh ón stát ach chun deis a thabhairt do gach duine saol machnamhach agus gníomhach a chaitheamh atá bunaithe ar luachanna na comhbhá, na cothroime agus an réasúin.
In 2011 bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar an gcéad Uachtarán ar Éirinn a chuir Cumann Daonnachach na hÉireann san áireamh ina shearmanas insealbhaithe.