Threisigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an bhfeachtas “Ireland Reads”

Déa 4th Fea, 2021 | 12:00
Threisigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an bhfeachtas “Ireland Reads”

D’fhoilsigh an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht tacaíochta don fheachtas “Ireland Reads”.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo, a bhailíonn leabharlanna Éireannacha le chéile le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, scríbhneoirí agus eile, daoine a spreagadh le lúcháir na léitheoireachta a athaimsiú.  

Tá sé mar chuid de ‘Keep Well’, tionscnamh an rialtais a dhéanann ceiliúradh ar an léitheoireacht agus na buntáistí go léir a bhíonn aici ar shláinte agus sult na ndaoine.  

Ina theachtaireacht, luaigh an tUachtarán “an ról lárnach a bhain, agus a bhaineann go fóill, le leabhair i mo shaol féin. Is dílis an cara é an leabhar”. 

Cé nach bhfuil leabharlanna ar oscailt faoi láthair don iasacht de bharr shrianta shláinte phoiblí Covid19, is féidir le baill teacht ar sheirbhís a leabharlainne ar líne agus rochtain a fháil ar na mílte ríomhleabhar agus closleabhar.

 

Cliceáil ar na táib Fuaime Físeáin chun éisteacht le haitheasc an Uachtaráin, nó cliceáil anseo chun í a léamh.