
Bhí an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn i dteannta Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine Frank-Walter Steinmeier agus a bhean chéile Elke Büdenbender ar cuairt ar sheit Ros na Rún sa Spidéal, i gCo. na Gaillimhe. Rinne an bheirt Uachtarán turas treoraithe ar an seit agus bhreathnaigh siad ar thaibhiú gearr aisteoireachta chomh maith le glacadh le bronntanais ó Údarás na Gaeltachta agus TG4. Ba é cothrom an lae a thosaigh TG4 25 bliain ó shin a bhí ann chomh maith, tar éis a sheolta ar an 31 Deireadh Fómhair 1996.