Tugann an tUachtarán Aitheasc Oscailte ag Fóram Domhanda an Bhia 2023

Lua 16th Dei, 2023 | 09:15
suíomh: Ceannáras FAO, an Róimh, an Iodáil
Tugann an tUachtarán Aitheasc Oscailte ag Fóram Domhanda an Bhia 2023

Thug Ard-Stiúrthóir Eagraíocht an Bhia agus na Talmhaíochta (FAO) an Dr QU Dongyu, cuireadh don Uachtarán Ó hUigínn a bheith páirteach i bhFóram Domhanda an Bhia (WFF) i gceannáras hEagraíocht an Bhia agus na Talmhaíochta (FAO) de chuid na Náisiún Aontaithe sa Róimh, ó Dé Luain 16 go dtí Dé hAoine, 20 Deireadh Fómhair, 2023.

Thug an tUachtarán aitheasc tráthnóna Dé Luain ag oscailt mhór an WFF agus thug eochairaitheasc ag searmanas clabhsúir tráthnóna Dé hAoine. Tugadh cuireadh freisin don Uachtarán Ó hUigínn a bheith ina eochairchainteoir ar chomóradh  43 bliana Lá Domhanda an Bhia ag Ceannáras an FAO maidin Dé Luain 16 Deireadh Fómhair.