Tugann an tUachtarán Connolly cuairt ar Leeds Irish Centre

Céa 20 Bea, 2026 | 15:00
suíomh: Leeds, Sasana
Tugann an tUachtarán Connolly cuairt ar Leeds Irish Centre

Thug an tUachtarán Connolly cuairt ar Leeds Irish Centre mar an ghníomhaíocht deiridh dá cuairt ar an Ríocht Aontaithe.

Bunaíodh an t-ionad chun spás fáilteach a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcultúr na hÉireann chun bailiú, chun ceiliúradh a dhéanamh, agus chun a n-oidhreacht a chaomhnú.

Freastalaíonn an t-ionad ar na mílte duine gach bliain trí imeachtaí, ranganna, seirbhísí tacaíochta, agus cláir phobail.