Thug an tUachtarán Connolly cuairt ar Ionad na mBan ar Bhóthar Falls, Béal Feirste.
Bhunaigh mná áitiúla Ionad na mBan ar Bhóthar Falls sa bhliain 1982 in Iarthar Bhéal Feirste chun feabhas a chur ar chaighdeán na beatha do mhná agus dá dteaghlaigh atá ina gcónaí i gceantair an-díothachta agus is mó a bhfuil tionchar ag an gcoimhlint orthu.
Tá baint ag an ionad le forbairt eacnamaíoch an phobail agus leanann sé ar aghaidh ag tacú le forbairt na mban sa cheantar trí oiliúint, oideachas, cúram leanaí, comhairle, abhcóideacht, comhairleoireacht, sláinte agus folláine a chur ar fáil.
