Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chaptaein Chluichí Chorn an Uachtaráin FAI

Déa 29 Ean, 2026 | 16:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh Chaptaein Chluichí Chorn an Uachtaráin FAI

Chuir an tUachtarán Connolly fáilte roimh Captaein Foirne na bhFear agus na mBan chomh maith le Uachtarán FAI Paul Cooke agus Stiúrthóir Sraith na hÉireann Mark Scanlon roimh cluichí na bhfear agus na mban de chuid Corn Uachtarán na hÉireann don bhliain 2026.

Ar an Satharn, 31 Eanáir beidh buaiteoirí fireanna Sraith na hÉireann agus Corn FAI na bhfear sa bhliain 2025, Shamrock Rovers, ag imirt in aghaidh an fhoireann sa dara áit i Sraith na hÉireann, Derry City, i Staid Thamhlacht. Bhí chaptaen Roberto Lopes ina hionadaí do Shamrock Rovers in Áras an Uachtaráin. Bhí Dipo Akinyemi ina hionadaí do Derry City.

Ar Domhnach, 8 Márta beidh buaiteoirí baineanna an Phríomhroinn na mBan agus Chorn FAI na mBan sa bhliain 2025, Athlone Town, ag imirt an fhoireann sa dara áit i Sraith na hÉireann, Shelbourne, ag Staid Athlone Town.

Bhí Madie Gibson mar ionadaí ag Áth Luain in Áras an Uachtaráin. Bhí Rachel Graham, iar-imreoir idirnáisiúnta na hÉireann mar ionadaí ag Shelbourne.