Chuir an tUachtarán Connolly fáilte roimh an Uasal Alvaro Lario, Uachtarán ar an gCiste Idirnáisiúnta d'Fhorbairt Talmhaíochta, chuig Áras an Uachtaráin.
Is institiúid idirnáisiúnta airgeadais é an Ciste Idirnáisiúnta D’fhorbairt Talmhaíochta (CIFT) agus sain-gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá tiomanta do dhíothú a dhéanamh ar bhochtanas agus an t-ocras i gceantair thuaithe i dtíortha i mbéal forbartha.
Tá Éire mar chomhalta bunaidh ar IFAD ó bunaíodh é sa bhliain 1977.
