Bhronn a Soilse Sharon Ho Swee Peng, Ambasadóir na Malaeisia, a Soilse Genevieve Kennedy, Ambasadóir Phoblacht na Libéire, a Shoilse Jovilisi Vulailai Suveinakama, Ambasadóir Phoblacht Fhidsí agus a Soilse Rosa Margarita Hernandez de Grullón, Ambasadóir na Poblachta Doiminicí, a Litreacha Creidiúnaithe ar an Uachtarán Connolly ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh Ambasadóirí nua. Tá Ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúir.
Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha Creidiúnais ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.
