Chuir a Shoilse Yazmurd Seryaev, Ambasadóir Phoblacht na Tuircméanastáine, a Shoilse Juan Ernesto Snead Amarillo, Ambasadóir Phoblacht Pharagua, a Shoilse Luis Bermudez, Ambasadóir Phoblacht Oirthearach Uragua, a Shoilse Nadhavanthna Krishnamra, Ambasadóir na Téalainne a Litreacha Creidiúna i láthair d’Uachtarán Connolly ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh Ambasadóirí nua. Tá Ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúir.
Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.
