D'oscail an tUachtarán an chomhdháil Aleen Cust Memorial Society go foirmiúil i nGaillimh.
Ba í Aleen Cust an chéad bhean a cháiligh mar thréidlia in Éirinn agus i Sasana. Rinne comhdháil na bliana seo, Mná i gcroílár na hOidhreachta Tréidliachta agus Dul Chun Cinn an Talmhaíochta, ceiliúradh ar Aleen Cust agus ar mhná sa tréidliacht agus sa talmhaíocht, ag iniúchadh oidhreacht, nuálaíocht agus comhionannas.
