Thug an tUachtarán Connolly an príomh-aitheasc ag Comhdháil Bhliantúil Institiúid OCBÁC um Aeráid agus Sochaí.
Is í Institiúid OCBÁC um Aeráid agus Sochaí an chéad ionad taighde acadúil in Éirinn atá dírithe ar pheirspictíochtaí na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí ar an ngéarchéim aeráide.
Fiosróidh an séú comhdháil bhliantúil den chumann seo conas is féidir linn obair le chéile chun gníomhú ar son na haeráide in am géarchéime.
