D'fhreastail an tUachtarán Connolly ar an gCéad Taibhiú de 'The City of Our Dreaming' le Cór Guinness, in Ardeaglais Naomh Pádraig.
Is ómós do Bhaile Átha Cliath é The City of Our Dreaming, saothar nua Éireannach, agus tá sé ina phríomhghné de cheiliúradh 75 bliain Chór Guinness.
