Freastalaíonn an tUachtarán Connolly ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta

Domh 12 Iúi, 2026 | 10:50
suíomh: Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Freastalóidh an tUachtarán Connolly ar an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann.

Déanann an Lá Cuimhneacháin Náisiúnta comóradh ar gach Fear agus gach Bean Éireannach a fuair bás i gcogaí roimhe seo nó ar seirbhís leis na Náisiúin Aontaithe. Ag an searmanas, leagann an tUachtarán bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann, agus ina dhiaidh sin bíonn nóiméad ciúnais.

Roghnaíodh an lá don Lá Cuimhneacháin Náisiúnta mar an Domhnach is gaire don 11 Iúil, atá mar comóradh shos cogaidh 1921.