Bronnfaidh an tUachtarán Connolly trófaí Aga Khan ar an bhfoireann a bhuaigh ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath san RDS.
Is é Trófaí Aga Khan an duais a bhronntar ar chomórtas Chorn na Náisiún léim seó in Éirinn, a reáchtáiltear gach bliain ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath.
In 2026, beidh Seó Capall Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh 100 bliain den trófaí.
