Cheap an tUachtarán Connolly an Breitheamh Paul Burns, an Breitheamh Emily Egan agus an Breitheamh Mark Sanfey chun na Cúirte Achomhairc.
Tugann an Bunreacht cumhacht don Uachtarán an Taoiseach a cheapadh, ar ainmniú Dháil Éireann, agus comhaltaí eile den Rialtas ar ainmniú an Taoisigh, tar éis ceadú na Dála. I measc na sealbhóirí oifige eile arna gceapadh ag an Uachtarán, ar chomhairle an Rialtais, tá Breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus oifigigh Choimisiúnaithe d'Óglaigh na hÉireann.
