Tabharfaidh an tUachtarán Connolly aitheasc ag ócáid na sochaí sibhialta atá á reáchtáil ag Bohemian Football Club agus ag an Bohemian Cooperatives Project.
Tá an ócáid mar chuid den tseachtain seolta do The Bohemian Cooperatives: Building Dublin’s Community Wealth , straitéis nua atá dírithe ar bhunclocha institiúideacha faoi stiúir an phobail a fhorbairt chun saibhreas pobail a chruthú i mBaile Átha Cliath.
Is é cuspóir chruinniú na sochaí sibhialta ná iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh cruthú saibhris pobail a bheith ina bpiléar eacnamaíoch aontaitheach do na feachtais shóisialta agus chomhshaoil iomadúla atá ina n-ábhar imní in Éirinn sa lá atá inniu ann, ó cheartas aeráide agus tithíocht go hobair chuibhiúil, forbairt áitiúil, athnuachan daonlathach agus cuimsiú sóisialta.
