Ag ócáid i mBaile Átha Cliath, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar bhunú Choinbhinsiúin na Ginéive 70 bliain ó shin.
Is iad Coinbhinsiúin na Ginéive bunchloch an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, agus rialaíonn siad cosaint daoine le linn coimhlinte armtha.
Glacadh leo in 1949, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus bhunaigh ceithre Choinbhinsiún na Ginéive agus na prótacail bhreise a lean iad corp dlí a shainíonn cearta príosúnach cogaidh agus pobal sibhialta a mbeirtear orthu i gcogaíocht.
Chuir na Coinbhinsiúin bunús dlíthiúil ar fáil leis an bprionsabal gur cheart na daoine nach mbíonn ag glacadh páirte go díreach i gcogaíocht a chosaint agus a mbeatha agus a ndínit a dhearbhú, le linn na coimhlinte.