D’fhreastail an tUachtarán Ó hUiginn ar chluiche i gCraobh UEFA faoi 17 idir Poblacht na hÉireann agus an Bheilg.
Tá comórtas UEFA faoi 17 Euro 2019 á reáchtáil in Éirinn go dtí an 19 Bealtaine, agus cluichí á n-imirt i mBaile Átha Cliath (Staid Thamhlachta, Páirc Tolka, UCD Bowl, Staid an Halla Bháin), sa Longfort (Bóthar Bhéal na mBuillí), i bPort Láirge (Ionad Spóirt Réigiúnach) agus i gCill Mhantáin (Tailte Carlisle).
D’fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn freisin ar an gcéad chluiche a bhí ag Poblacht na hÉireann, in aghaidh na Gréige i Staid Thamhlachta an tseachtain seo caite.