![An Uachtaráin i láthair ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe](/images/made/44d1dc18a2367c64/PRES_HIGGINS_HOLOCAUST_EV_MX_1_720_480.jpg)
Thug an tUachtarán an príomhaitheasc ar ócáid Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe.
Tugann Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe chun cuimhne gach bliain na daoine sin go léir a bhásaigh san Uileloscadh. Tugann sé chun cuimhne sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach agus na milliúin eile a ndearnadh géarleanúint orthu agus a dhúnmharaigh na Naitsithe mar gheall ar a n-eitneacht, a míchumas, a ngnéaschlaonadh, a gcleamhnú polaitíochta nó a gcreideamh reiligiúnach.
Le linn na seirbhíse, lasadh coinnle ar son íospartach Giúdach an Uileloiscthe, agus léadh amach ainmneacha na nÉireannach a fuair bás sa chinedhíothú.
Thug an tUachtarán an t-aitheasc ag an gcomóradh bliantúil in 2019, 2015 agus 2012. Cliceáil anseo chun óráid an Uachtaráin in 2019 a léamh.