Freastalaíonn an tUachtarán ar an 18ú chruinniú de chuid Ghrúpa Arraiolos na nUachtarán AE

hAo 6th Dei, 2023 | 10:00
suíomh: Palácio do Freixo. Campanhã, Porto, an Phortaingéil
Freastalaíonn an tUachtarán ar an 18ú chruinniú de chuid Ghrúpa Arraiolos na nUachtarán AE

Ar chuireadh A. Sh. An tUasal Marcelo Rebelo de Sousa, Uachtarán Phoblacht na Portaingéile, bhí an tUachtarán Ó hUigínn páirteach i gcruinniú de chuid ‘Grúpa Arraiolos’ na nUachtarán AE.
 
Beidh 14 Uachtaráin neamhfheidhmiúcháin de chuid ballstáit an Aontais Eorpaigh i láthair ag an gcruinniú le plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha. 
 
Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.
Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn
 

Link to press release.