An tUachtarán i láthair ag Lón Cuirtéise ar bord an Cuauhtémoc – an Long Ard atá ar ancaire i gCalafort Bhaile Átha Cliath    

Déa 5th Meá, 2019 | 13:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Calafort Bhaile Átha Cliath

(Baile Átha Cliath) Calafort Bhaile Átha Cliath

Thursday, 05th September, 2019

An tUachtarán i láthair ag Lón Cuirtéise ar bord an Cuauhtémoc – an Long Ard atá ar ancaire i gCalafort Bhaile Átha Cliath     

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an long ard Cuauhtémoc, an long traenála Meicsiceach atá le balla i mBaile Átha Cliath mar chuid dá turas ar thuaisceart na hEorpa. 

Labhair an tUachtarán ar an stair chomhroinnte ag Éirinn agus Meicsiceo, agus luaigh sé gur de bhunadh na hÉireann cuid d’Fhir Ionaid Rí na Spáinne agus gur shocraigh cuid mhaith imirceach Éireannach i Meicsiceo le linn choilíniú Mheicsiceo ag an Spáinn.  

I mí Dheireadh Fómhair 2013, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Mheicsiceo, áit ar tharraing sé aird ar an iliomad ceangal idir an dá thír. Féach, mar shampla, óráid an Uachtaráin don phobal Éireannach i Meicsiceo agus a óráid faoi Chathlán Naomh Pádraig a throid mar chuid d’Arm Mheicsiceo sa chogadh idir Meicsiceo agus Meiriceá.