![An tUachtarán i láthair ag Cluiche FAI idir Foireann Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige, i ndáil le Corn an Uachtaráin](/images/made/44d1dc18a2367c64/president_cup_332_500.jpg)
Beidh an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag cluiche Chorn an Uachtaráin 2020 i bPáirc Oiriall idir Club Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige.
Cuireadh tús le Corn an Uachtaráin in 2014 in onóir an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn, agus fógraíonn an t-imeacht bliantúil - cluiche idir seaimpíní Shraith Airtricity agus buaiteoirí Chorn Chumann Peile na hÉireann - tús an tséasúir nua sa tsraith is airde de pheil na hÉireann.