![An tUachtarán i láthair ag ócáid in onóir Rory Gallagher](/images/made/44d1dc18a2367c64/Donal_Gallagher_2_614_401.jpg)
Thug an tUachtarán Ó hUigínn ómós don ghiotáraí Éireannach mór le rá Rory Gallagher, agus an seomra boird in oifigí Fender Guitars in Éirinn á thiomnú aige.
Léirigh an tUachtarán ómós do Rory agus labhair sé ar an gcumas a bhí aige mar cheoltóir beo.
Ag an gcomóradh 20 bliain ó bhásaigh an t-amhránaí, in 2015, labhair an tUachtarán faoin meas a bhí aige ar Gallagher, an tallann a bhí aige agus an tionchar marthanach atá aige ar an rac-cheol. Féadfaidh tú óráid an Uachtaráin a léamh anseo.