Freastalaíonn an tUachtarán ar Chomóradh Domhnach Cásca

Dom 31st Már, 2024 | 02:00
suíomh: Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath 1
Freastalaíonn an tUachtarán ar Chomóradh Domhnach Cásca

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann searmanais chun cothrom lae Éirí Amach na Cásca in 1916 a chomóradh.

Leag an tUachtarán fleasc taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist, foirgneamh sainchomhartha a bhí mar cheanncheathrú ag reibiliúnaithe 1916.

In 2016, bhí an tUachtarán Ó hUiginn ar cheann sraith imeachtaí chun Éirí Amach 1916 a chomóradh. Tá rogha d’óráidí a thug an tUachtarán le linn na bliana comórtha foilsithe ag an Rialtas: ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 – 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’ ina bhfuil 35 óráid leis an Uachtarán Ó hUiginn. Tugadh iad ó cheann ceann na tíre i rith tréimhse 2 bhliain a bhain le croíbhliain chuimhneacháin 2016 ag imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon.

Tá an leabhar ar fáil ó Oifig Foilseachán an Rialtais nó is féidir é a íoslódáil ar líne.