An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

Dom 4th Aib, 2021 | 12:00
An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann searmanas comórtha chun comóradh a dhéanamh ar 105 bliana ó Éirí Amach na Cásca 1916.

Cuirfear tús leis an gcomóradh, a chraol ag RTÉ, nuair a bhuailfidh an tUachtarán ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin léifear Forógra na Cásca ó Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill Bhaile Átha Cliath.

Ansin leag an tUachtarán Ó hUigínn fleasc os comhair grúpa 16 chrann beithe, a chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn in 2019, ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do rún na chéad Dála i 1919 a mhol gur chóir 16 chrann cuimhneacháin a chur in onóir na gceannairceach a cuireadh chun báis i 1916.

I ndiaidh leagan na fleisce, bhí nóiméad ciúnais ann chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca. 

Comóradh bliantúil Stáit is ea an searmanas seo, agus is cuid d’obair an Uachtaráin ar an “cuimhneachán eiticiúil” é freisin. Obair í seo ina leagann an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an tábhacht a bhaineann le haitheantas a thabhairt do leaganacha éagsúla, leaganacha contrártha in amanna, de chuimhní ar an am atá caite.