Bhí an tUachtarán i láthair ag Seirbhís Charúil na Nollag i Séipéal Choláiste Mhaigh Nuad.
Bhí ceithre chór páirteach i Seirbhís na gCarúl – Cumann Córúil Ollscoil Mhaigh Nuad, Cór Shéipéal na Cliarscoile, Cór Aireagail Ollscoil Mhaigh Nuad agus an Schola Gregoriana.
Bhí seirbhís na gCarúl ar siúl i mbliana ar chothrom lae 200 bliain ó cumadh an carúl Nollag is mó tóir air, Oíche Chiúin, a bhí ina phríomh-mhír sa cheolchoirm.