![An tUachtarán i láthair ag taibhiú le Cór Escolanía de Montserrat](/images/made/44d1dc18a2367c64/Choir_2_720_362.jpg)
Beidh an tUachtarán i láthair ag comh-cheolchoirm de chuid Chór Palestrina agus Escolanía de Montserrat.
Is cór liotúirgeach atá san Escolania, atá ag canadh i Mainistir Montserrat le níos mó ná seacht gcéad bliain.
Is é seo an chéad turas a thabharfaidh Escolania de Montserrat ar Éirinn, agus tá dhá cheolchoirm á dtabhairt saor in aisce: i Séipéal na Slánaitheorach i Luimneach agus i Leas-Ardeaglais Bhaile Átha Cliath.
Cuirfear an cheolchoirm i mBaile Átha Cliath ar siúl i gcomhar le Córbhuachaillí Palestrina, a bunaíodh sna 1890idí.
Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le baill an chóir ar Lá Fhéile Pádraig 2018.