Fáiltíonn an tUachtarán agus Sabina roimh a Mórgachtaí ón Ísiltír -  an Rí Willem-Alexander agus an Bhanríon Máxima

Céa 12th Mei, 2019 | 11:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 12th June, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán agus Sabina roimh a Mórgachtaí ón Ísiltír -  an Rí Willem-Alexander agus an Bhanríon Máxima

Chuir an tUachtarán roimh an Rí Willem-Alexander agus an Bhanríon Máxima na hÍsiltíre, agus ina dhiaidh sin seinneadh amhráin náisiúnta an dá thír. Ansin, rinne an Rí iniúchadh ar Gharda Onóra speisialta. 

D’fháiltigh an tUachtarán roimh an Rí agus an mBanríon, agus ina dhiaidh sin seinneadh amhráin náisiúnta an dá thír. Ansin, rinne an Rí iniúchadh ar Gharda Onóra speisialta. Shínigh an Rí Willem-Alexander agus an Bhanríon Máxima Leabhar na gCuairteoirí Oirirce ag Áras an Uachtaráin. 

Bhí an lánúin ríoga á tionlacan ag ionadaithe rialtas na hOllainne agus pearsana sinsearacha gnó, agus díreoidh a gclár in Éirinn ar an gceangal stairiúil agus comhaimseartha idir an dá thír agus é mar aidhm aige trádáil dhéthaobhach a chur chun cinn. 

Chuir an Rí crann fearnóige i ngairdín Áras an Uachtaráin. Iarrtar ar Chinn Stáit crann a chur i dtailte Áras an Uachtaráin. Cuireadh tús leis an nós deasghnách crann a chur i dtailte Áras an Uachtaráin i mí Mheán Fómhair 1853, tráth ar chuir an Bhanríon Victoria an chéad cheann de thrí chrann. Leanadh leis an traidisiún tar éis neamhspleáchas na hÉireann, agus ba é Dubhghlas de hÍde, Uachtarán na hÉireann, a chuir an chéad chrann sa bhliain 1939. Ón am sin i leith, chuir gach Uachtarán na hÉireann crainn dheasghnácha agus iarradh ar Chinn Stáit a bhí ar cuairt crainn a chur chomh maith.