
I Músaem Domhanda Learphoill - ionad seandálaíochta, eitneolaíochta agus na n-eolaíochtaí nádúrtha agus fisiceacha - d'fhéach an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar na 24 painéal a bhaineann le Coidéacs Fejervary-Mayer, ceann de dhosaen leabhar Astacach réamh-Cholómach a tháinig slán as loscadh leabharlanna na nAstacach ag Conquistadores na Spáinne.